Athruithe ar Rialacha Chostais na Athbhreithnithe Breithiúnaigh Sean O'Callaghan — Planning and Environmental Policy Officer at An Taisce Tá An Taisce – The National Trust for Ireland ag iarraidh ar an Aire deireadh a chur leis an gcomhairliúchán maidir le hathruithe ar rialacha costas dlí i gcásanna comhshaoil. Dar linn, níl na tograí costais dlí seo cóir, cothrom nó daonlathach mar gheall ar iarracht an rialtais seo chun an ceart poiblí chun rochtana ar cheartas trí na cúirteanna a shrianadh. Is iarracht shoiléir é seo chun dlíthíocht chomhshaoil ar leas an phobail a mharú. Bíonn impleachtaí ollmhór ag baint leis don ghnáthphobal mar go gcuirfear deireadh le dlíthíocht leasa phoiblí ar mhaithe le pobail agus an chomhshaoil mar go mbeidh an costas féideartha chomh hard sin. Is ionsaí suntasach ar an tsochaí shibhialta agus ar chuntasacht phoiblí é an togra mídhleathach seo. Níor cheart dul chun cinn a dhéanamh air, agus ba cheart an córas reatha rialacha costais atá ann faoi láthair a choinneáil. Faoi na forálacha reatha, má éiríonn le heagraíocht neamhrialtasach, grúpa sochaí sibhialta nó duine aonair in athbhreithniú bhreithiúnaigh, íocfaidh an t-údarás poiblí nár eirigh leis costais dlí an bhuaiteora go ginearálta. Má chaileann an dúshlánaí, ná gá dóibh ach a gcostais féin a íoc, agus caithfidh an t-údarás poiblí buacach a chostais féin a íoc fós. Baintear an baol féimheachta d’iarratasóirí leis seo. Leis na forálacha nua seo, beidh bille dlí an-ard do bhaill na phobail agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, fiú dá mbuafaidís an cás. Tagann sé seo i gcomhthéacs an scéal atá cruthaithe i gcoinne úsáid Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh ag daoine aonair agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, cé go mbíonn Athbhreithnithe Breithiúnaigh cuid lárnach de chuntasacht na hearnála poiblí faoi chaighdeán cinnteoireachta i leith cosaint an chomhshaoil agus pleanáil/forbairt atá ardchaighdeánach. Beidh éifeacht eile na n-athruithe seo ná laghdú ar chaighdeán cinnteoireachta. Ciallaíonn sé sin go mbeidh éiginnteacht dlíthiúil ollmhór agus dlíthíocht bhreise i gceist, agus mar sin, moill seachas luas maidir le seachadadh an infreastruchtúr ríthábhachtach atá de dhíth orainn go géar. Táimid ag iarraidh ar an bpobal a bhfreagra comhairliúcháin féin a sholáthar roimh spriocdháta an Déardaoin seo an 15ú d’Eanáir.1 Cén gné do dhlí an Aontais Eorpaigh agus de Choinbhinsiúin Aarhus atá mí dhleacht ó thaobh na dteorainneacha costais atá molta? Forálann an Coinbhinsiún Aarhus do chostas dlí atá “cóir, cothrom, tráthúil agus nach bhfuil róchostasach”. Forálann na teorainneacha costais seo do chostais dlí atá róchostasach agus a chuireann baic ollmhór don phobal agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil chun cásanna comhshaoil a ghlacadh agus cinntí a dhéanann ár gcinnteoirí a scrúdú. Leis na forálacha nua seo, beidh bille dlí an-ard do bhaill na phobail agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, fiú dá mbuafaidís an cás. Tugann meastachán le fios go bhféadfadh costais den sórt sin dul thar 100 míle euro i gcás comhshaoil thipiciúil. Ní hamháin go gcuirfeadh sé seo stop go héifeachtach leis an gcuid is mó de na cásanna dlí comhshaoil a bhaineann le leas an phobail mar gheall ar costais arda, ach ag an am céanna, tá sé mídhleathach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta a bhfuil Éire tar éis síníu suas dó, an Coinbhinsiún Aarhus go príomha. In ainneoin sin, ní bheadh srian ar gcomhlachtaí stáit agus forbróirí, mar shampla, maidir leis an méid is féidir leo a íoc lena ndlíodóirí. Cén chaoi nach bhfuil an t-eolas ó thaobh an próiseas comhairliúcháin éagórach agus mídhleathach? Ar an gcéad dul síos, ní mhínítear oibleagáidí dlíthiúla an Stáit go soiléir agus go simplí sa chomhairliúchán ná ní mhínítear chonas a comhlíonadh iad – go háirithe maidir le forálacha an Choinbhinsiún Aarhus and dlí an Aontais Eorpaigh go ginearálta. Anuas air sin, rith an chomhairliúchán thar thréimhse laethanta saoire an-ghnóthach na Nollag/na hAthbhliana. D’fhéadfadh go leor baill den phobal a fháil amach faoin bhfaisnéis chasta bhreise seo go dtí i bhfad níos déanaí mar gheall ar shos na laethanta saoire, agus an spriocdháta don chomhairliúchán díreach an Déardaoin seo, an 15ú d’Eanáir. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh ar an Aire an comhairliúchán a tharraingt siar agus an próiseas a thosú arís. Ní mór comhairliúcháin phoiblí éifeachtach agus dleathach a bheith i gceist le haon tograí amach anseo ón tús ionas go mbeidh tionchar ag ionchur an phobail ar thograí ón tús. Idir an dá linn, táimid ag iarraidh ar an bpobal a bhfreagra comhairliúcháin féin a sholáthar. Tá níos mó eolais faoi seo ar fáil ar shuíomh idirlíne An Taisce.2 An bhfuil an próiseas seo ag cloí le cúrsaí teanga? Bíonn fadhbanna le leagan Gaeilge den chomhairliúchán freisin. Bhí seachadadh an-mhall ar roinnt doiciméad ar leagan Gaeilge leathanach gréasáin an chomhairliúcháin. Ní raibh ceann amháin uaslódáilte go dtí an 5ú d’Eanáir – 10 lá roimh spriocdháta an chomhairliúcháin. Bhí tuarascáil casta ann ina measc le staitisticí agus anailís tábhachtacha a thug eolas don ábhar seo. Chomh fada is féidir linn a fheiceáil, ní bhíonn leagan Ghaeilge den tuarascáil seo ar fáil fós. Is fadhb chórasach é seo mar gheall ar leagan Ghaeilge den reachtaíocht san Acht Phleanáil agus Forbairt 2024 fós in easnamh freisin. Bíonn impleachtaí féideartha i gceist anseo maidir le heaspa doiciméid sa chomhairliúchán trí mheáin na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn tograí beartais phoiblí. Ní mór é seo a scrúdú, chomh maith le forálacha féideartha san Acht sin faoi reachtaíocht a bheith ar fáil trí mheáin na Gaeilge freisin. Image: Self made, CC BY-SA 3.0 <http://creativecommons.org/licenses/by-sa/3.0/>, via Wikimedia Commons Manage Cookie Preferences